Cork Harbour

 

Agus é ag síneadh 104 acra, tá áit straitéiseach ag Inis Píc i mbéal foscúil íochtar Chalafort Chorcaí, ceann de na calafoirt nádúrtha is mó ar domhan. Tá an t-oileán á úsáid ag daoine leis na céadta bliain ar go leor cúiseanna éagsúla. Ba mhinic le mainistreacha ar oileáin a bheith ina ndísirt agus ina n-áiteanna oilithreachta a raibh ról tábhachtach acu in Éirinn i ré na Luath-Chríostaíochta, agus léirítear le fianaise i scríbhinn gur bhunaigh Naomh Mochuda lonnaíocht mhainistreach ar Inis Píc in éineacht le 20 bráthair.

Tá Calafort Chorcaí ríthábhachtach d’fhorbairt trádála ó thar lear ó aimisir na Lochlannach, ach ní raibh an trádáil uile a rinneadh ar Inis Píc dleathach. B’áit é cladach garbh Inis Píc a mbíodh smuigléirí ag dul i bhfolach ann san ochtú haois déag. Tógadh sraith daingnithe airtléire ag láithreacha straitéiseacha sa seachtó agus san ochtó haois déag leis an gcalafort a chosaint agus tá an ceann is mó díobh sin ar Inis Píc. Tógadh iad sin le próifíl íseal, ní hionann is na caisleáin mheánaoiseacha, le hurchair na ngunnaí móra a mhaolú agus bhí siad ar an gcruth réalta tipiciúil le hurdhúnta coirnéil.
Back